Tá a lán fianaise ann a léiríonn dá mhéad bia nua a bhlaisimid is ea is mó a fhoghlaimímid go dtaitníonn sé linn agus go n-ithimid é. Is feiniméan bitheolaíoch é seo agus is féidir leis bheith an-chabhrach le haghaidh aon idirghabháil iompraíoch a dearadh chun nósanna bia a athrú. Cé mhéad blas atá riachtanach chun dúil a chruthú i mbia áirithe? Braitheann sin ar an mbia agus ar an duine. Uaireanta ní gá an bia a bhlaiseadh ach uair nó dhó, agus uaireanta eile is gá an bia a bhlaiseadh 15 huaire nó níos mó. Tá sé tábhachtach, mar sin de, go ndeartar na hidirghabhálacha le cinntiú go bhfaighidh páistí an seans chun na torthaí céanna agus na glasraí céanna a bhlaiseadh arís is arís. Le cinntiú go dtaitneoidh torthaí agus glasraí le páistí, ba chóir iad a chur ar fáil. Ba chóir go dtuigfeadh páistí an tábhacht ata le glasraí agus ba chóir iarrachtaí a dhéanamh chun dúil pháistí a neartú i nglasraí. Is gá freisin cabhrú le páistí an bua a fháil ar aon eagla atá acu roimh bhia nua nó ar aon bhac atá acu le blaiseadh torthaí nó glasraí a bhfuil eolas acu orthu.
Mar sin, cinntíonn idirghabháil Food Dudes:
Ar feadh an chláir, cuirtear torthaí úra agus glasraí úra ar fáil thar thréimhse idirghabhála 16 lá i ndiaidh a chéile (Céim 1)
Chun blaiseadh a spreagadh, tugtar duaiseanna beaga agus teastais do na daltaí agus féachann na daltaí ar eipeasóidí DVD ina bhfuil na laochra, na Food Dudes, ag baint suilt as torthaí agus glasraí. Deir múinteoirí agus tuismitheoirí gur gné lárnach dearfach den chlár iad.
Tá cur chuige sa scoil uile san áireamh maidir le sláinte agus folláine, agus léiríonn na duaiseanna an cur chuige seo.
Is ceathrar sár-laochra óga iad na Food Dudes; Charlie, Raz, Tom agus Rocco. Tá cumhachtaí speisialta acu toisc go n-itheann siad torthaí agus glasraí, agus dá bharr sin, cabhraíonn na cumhachtaí leo an domhan and 'Fórsa Beatha' a shábháil ón dream gránna, na Junk Punks. Tá an Ginearál Punk agus a chairde, Miss Demeanour agus Master Disaster ag iarraidh fuinneamh an domhain a chloí. Chun seo a dhéanamh, tá siad ag iarraidh stop a chur le bia sláintiúil cothaitheach. Agus na Food Dudes ag tarraingt ar a gcumhachtaí speisialta, toisc go n-itheann siad rogha dathúil torthaí úra agus glasraí úra, tacaíonn na Food Dudes leis an bh'Fórsa Beatha' agus bíonn an bua acu ar na Junk Punks!
Téigh isteach sna Food Dudes agus coinnigh na Junk Punks faoi chois...
Bainístíonn Bord Bia in Éirinn Clár Itheacháin Sláintiúil Food Dudes agus maoiníonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara é le tacaíocht ón Aontas Eorpach faoi Sceim Torthaí agus Glasraí na Scoileanna. Is é an tAonad Taighde ar Ghníomhaíocht Bhia i Scoil na Siceolaíochta in Ollscoil Bheannchar, sa Bhreatain Bheag, a d’fhorbair an clár. Cóipcheart © 2004 Ollscoil Bheannchar.