Maoiniú

Tá Chlár náisiúnta Itheachán Sláintiúil Food Dudes maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le tacaíocht ón Aontas Eorpach, agus bainistionn Bord Bia é. Iarrtar ar bhunscoileanna uile na tíre páirt a ghlacadh ann. Is iad Scéim Scoile Torthaí an AE agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a chuir an maoiniú ar fáil le haghaidh scoileanna a bhí páirteach cheana féin in Food Dudes chun é a chur i bhfeidhm arís le haghaidh daltaí atá ann faoi láthair ag an leibhéal sóisearach agus tá laethanta blaiste ann le haghaidh na ranganna sinsearacha. Tacaíonn an Roinn OIdeachais & Scileanna leis an gclár seo.

image

 

Bhí Bord Bia i dteagmháil leis na soláthróirí seirbhíse seo chub cabhrú le cur i bhfeidhm Chlár Food Dudes:

  • Real Nation - oiliúint múinteoirí agus bainistiú an chláir i scoileanna
  • Glanmore Foods - faigheann siad na torthaí agus na glasraí, ullmhaíonn siad iad agus dáileann siad iad ar na scoileanna atá ag glacadh páirte
  • Lucas Promotions - faigheann siad na duaiseanna agus cuireann siad iad ar fáil
  • One Production - déanann siad na físeáin
  • Spectrum Print - cuireann siad an t-ábhar faisnéise i gcló

Tá Éire ag glacadh páirte i Scéim Torthaí Scoile an AE agus, ó Mheán Fómhair 2009, na torthaí agus na glasraí a chuireann Clár Food Dudes ar fáil déanann an AE comh-mhaoiniú orthu trí Scéim Torthaí, Glasraí agus Bainne na Scoile.

Bainistíonn Bord Bia an clár seo agus faigheann sé tacaíocht airgid ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ón Aontas Eorpach trí Scéim Torthaí, Glasraí agus Bainne na Scoile.