Taighde

Is é an tAonad Taighde ar Ghníomhaíocht Bhia in Ollscoil Bheannchar, sa Bhreatain Bheag, a d’fhorbair an clár Food Dudes. Tá an clár dírithe ar pháistí trasna réimse aoiseanna ó 2 go 12 bhliain d'aois agus i dtimpeallachtaí éagsúla, sa bhaile, i naíonraí agus i scoileanna, mar shampla.

Is féidir féachaint ar fhoilseacháin éagsúla a ndearnadh piarmheasúnú orthu thíos:

Ar mheasúnú fadtéarmach a rinne an Institiúid Bia agus Sláinte, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Fuarthas

Roimh idirghabháil 2010, thug 54% den ghrúpa, a bhí faoi staidéar, píosa amháin toraidh nó níos mó leo ar scoil. Tar éis Food Dudes a úsáid, bhí 83% de na páistí a thug torthaí leo. In 2016, 6 bliana níos moille, bhí an céatadán ag 67% fós, agus tá sin níos airde ná céatadán 2010, agus chuaigh an céatadán suas go 75% tar éis clár a cuireadh isteach chun na páistí a spreagadh arís.

I gcás glasraí, bhi na céatadáin níos suntasaí. Roimh idirghabháil 2010, thug 6% de na daltaí píosa ámháin glasra nó níos mó leo ar scoil. Láithreach tar éis clár Food Dudes a rith sna scoileanna a bhí faoi staidéar, thug 57% de na daltaí píosa mháin glasra nó níos mó ar scoil. Faoi 2016, thit an céatadán go 12%, ach bhí sé níos airde ná a bhí sé in 2010, agus chuaigh sé suas go 27% tar éis clár Food Dudes a cuireadh isteach chun na páistí a spreagadh arís.

image

Rudaí eile a fuarthas:

Bíonn tionchar ag an gclár ar pháistí óga go háirithe, tháinig méadú ceithre huaire ar líon na ndaltaí sóisearacha ag tabhairt glasraí leo ar scoil agus á n-ithe.

Fuarthas freisin gur ith tromlach na ndaltaí an méid a cuireadh isteach ina mbosca lóin fiu nuair a cuireadh breis píosaí torthaí agus glasraí ar fáil, rud a léiríonn an ról tábhachtach atá ag tuismitheoirí agus an tionchar tábhachtach a imríonn siad ar a gcuid páístí.

Nuair a cuireadh agallamh ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí, luaigh siad gur mhian leo go mbeadh níos mó bainte ag tuismitheoirí sa chlár. Agus dá mbeadh níos mó bainte acu leis an gclár seans go dtiocfadh feabhas ar an méid torthaí agus glasraí a itheann na páistí.