BDE

Blaiseadh arís is arís

Tá a lán fianaise ann a léiríonn dá mhéad bia nua a bhlaisimid is ea is mó a fhoghlaimímid go dtaitníonn sé linn agus go n-ithimid é. Is feiniméan bitheolaíoch é seo agus is féidir leis bheith an-chabhrach le haghaidh aon idirghabháil iompraíoch a dearadh chun nósanna bia a athrú. Cé mhéad blas atá riachtanach chun dúil a chruthú i mbia áirithe? Braitheann sin ar an mbia agus ar an duine. Uaireanta ní gá an bia a bhlaiseadh ach uair nó dhó, agus uaireanta eile is gá an bia a bhlaiseadh 15 huaire nó níos mó. Tá sé tábhachtach, mar sin de, go ndeartar na hidirghabhálacha le cinntiú go bhfaighidh páistí an seans chun na torthaí céanna agus na glasraí céanna a bhlaiseadh arís is arís. Le cinntiú go dtaitneoidh torthaí agus glasraí le páistí, ba chóir iad a chur ar fáil. Ba chóir go dtuigfeadh páistí an tábhacht ata le glasraí agus ba chóir iarrachtaí a dhéanamh chun dúil pháistí a neartú i nglasraí. Is gá freisin cabhrú le páistí an bua a fháil ar aon eagla atá acu roimh bhia nua nó ar aon bhac atá acu le blaiseadh torthaí nó glasraí a bhfuil eolas acu orthu.

Mar sin, cinntíonn idirghabháil Food Dudes:

  • (i) go dtosaíonn na páistí ag blaiseadh na mbianna;
  • (ii) go mbaineann siad an-sult as an mblaiseadh agus gach rud a bhaineann leis; agus
  • (iii) go leanann siad ar aghaidh ag blaiseadh, agus ansin go n-itheann siad codanna iomlána, go dtí go dtaitníonn blaiseadh an bhia go hiomlán leo.

Ar feadh an chláir, cuirtear torthaí úra agus glasraí úra ar fáil thar thréimhse idirghabhála 16 lá i ndiaidh a chéile (Céim 1)

image

Duaiseanna

Chun blaiseadh a spreagadh, tugtar duaiseanna beaga agus teastais do na daltaí agus féachann na daltaí ar eipeasóidí DVD ina bhfuil na laochra, na Food Dudes, ag baint suilt as torthaí agus glasraí. Deir múinteoirí agus tuismitheoirí gur gné lárnach dearfach den chlár iad.

Tá cur chuige sa scoil uile san áireamh maidir le sláinte agus folláine, agus léiríonn na duaiseanna an cur chuige seo.

  • Buidéal spóirt - spreagann sé páistí chun níos mó uisce a ól
  • Peidiméadar - spreagann sé páisti chun bheith aclaí
  • Peann luaidhe - díríonn sé ar an saol acadúil
  • Rubar - díríonn sé ar an saol acadúil
  • Rialóir - díríonn sé ar an saol acadúil
  • Cás peann luaidhe - díríonn sé ar an saol acadúil
  • Bosca lóin - uirlis a léiríonn an gá le hithe sláintiúil - cuireann sé béim ar ghné an bhaile agus spreagann sé tuismitheoirí chun torthaí agus glasraí a chur ar fáil
  • Greamaitheoirí agus teastais - ábhair tacaíochta chun suim a fhorbairt agus chun méadú ar itheachán a chothú san fhadtéarma (tar éis an idirghabhála). Spreagtar páistí chun níos mó torthaí agus glasraí a ithe ar a luas féin le himeacht ama.
image

Eiseamláiri

Is ceathrar sár-laochra óga iad na Food Dudes; Charlie, Raz, Tom agus Rocco. Tá cumhachtaí speisialta acu toisc go n-itheann siad torthaí agus glasraí, agus dá bharr sin, cabhraíonn na cumhachtaí leo an domhan and 'Fórsa Beatha' a shábháil ón dream gránna, na Junk Punks. Tá an Ginearál Punk agus a chairde, Miss Demeanour agus Master Disaster ag iarraidh fuinneamh an domhain a chloí. Chun seo a dhéanamh, tá siad ag iarraidh stop a chur le bia sláintiúil cothaitheach. Agus na Food Dudes ag tarraingt ar a gcumhachtaí speisialta, toisc go n-itheann siad rogha dathúil torthaí úra agus glasraí úra, tacaíonn na Food Dudes leis an bh'Fórsa Beatha' agus bíonn an bua acu ar na Junk Punks!

Téigh isteach sna Food Dudes agus coinnigh na Junk Punks faoi chois...

image