Oidis Food Dudes

Prátaí Stuáilte Cáise le Bagún agus Ubh

A dhóthain do
2 dhuine fhásta agus 4 pháiste nó 4 dhuine fhásta
Am ullmhúcháin
5 nóiméad
Am cócarála
15-20 nóiméad

Trealamh ag Teastáil: Micreathonnán / oigheann, Scian ghéar, Friochtán, Mias ar féidir í a chur sa mhicreathonnán, Spúnóg mhór (spúnóg adhmaid nó eile) agus grátálaí

Príomh-Chomhábhair

  • 4 phráta mhóra plúracha m.sh. Rooster (thart ar 800g san iomlán)
  • Scailliún, gearrtha go tanaí
  • 4 slisín bagúin, gearrtha go tanaí
  • 50g cáis chéadair
  • 4 ubh
  • Taespúnóg ola olóige
  • Dornán síobhas, gearrtha go mion (roghnach)
  • Salann agus piobar dubh úrmheilte (roghnach)

Modh

  1. Nigh na prátaí, triomaigh iad agus ansin cuir i mias mhicreathonnáin iad le beagán uisce sa bhun.
  2. Clúdaigh le pláta nó tuáille tais cistine agus cócaráil faoi lánchumhacht ar feadh 6-8 nóiméad.
  3. Déan sliseanna den scailliún, gearr an bagún ina stiallacha agus frioch i bpanna iad le roinnt ola ar feadh 3 nóiméad.
  4. Scríob an bia amach as na prátaí gan an craiceann a stróiceadh.
  5. Cuir bia na bprátaí leis an meascán bagúin agus oinniún agus déan brúitín den rud ar fad.
  6. Líon gach craiceann prátaí leis an meascán agus cuir cáis chéadair ghrátáilte leis.
  7. Déan ‘tobar’ chun an ubh a bhriseadh isteach ann.
  8. Croith steall bheag ola agus blaistigh le salann agus piobar.
  9. Cócaráil na prátaí stuáilte sa mhicreathonnán ar feadh cúig nóiméad go ndéanfar an ubh a chócaráil.
  10. Croith scailliúin mhionghearrtha orthu agus bain sult astu gan a thuilleadh moille!

Leid Iontach

Is féidir leat comhábhair eile a chur leis, nó cibé rud atá ar fáil – liamhás mionghearrtha, bagún, scailliúin, muisiriúin, nó spionáiste. Cén fáth nach n-úsáidfeá aon chilli con carne atá fágtha agat le roinnt cáise?

Leid Iontach

Galaigh roinnt prátaí breise (leis an gcraiceann orthu) agus tú ag déanamh phióg an aoire. Coinnigh sa chuisneoir iad go dtí go mbeidh tú réidh chun iad a úsáid (suas le 3 lá), ansin bain úsáid astu ó chéim 4 ar aghaidh.

Prátaí Stuáilte Cáise le Bagún agus Ubh ×