Fógra Príobháideachais Bhord Bia

1. Réamhrá

Is eagraíocht leathstáit é Bord Bia atá tiomanta d’earnálacha bia, dí agus gairneoireachta na hÉireann a chur chun cinn sa bhaile agus thar lear. Seasaimid an fód do tháirgeadh bia freagrach agus do tháirgí den scoth d’fhonn Éire a chur chun cinn mar cheannaire ar na margaí domhanda. Tá Bord Bia tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú.

Baineann an Fógra Príobháideachais seo le https://www.fooddudes.ie/gaeilge/ agus míníonn sé conas agus cén fáth a ndéanaimid do shonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a stóráil agus a chosaint. Leagtar amach ann na cuspóirí dá n-úsáidimid do shonraí, an chaoi a chinntímid slándáil na sonraí sin, agus na cearta atá agat maidir leis an bhfaisnéis arna sealbhú againn. Ina theannta sin, soláthraítear sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí, an Oifigigh Cosanta Sonraí (OCS) agus an Údaráis Maoirseachta ábhartha, sa chás go dteastódh uait aon cheann de do chearta faoin dlí um chosaint sonraí a fheidhmiú.

2. Cé atá Freagrach as do Shonraí Pearsanta?

2.1 Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), feidhmíonn Bord Bia mar Rialaitheoir Sonraí i leith na sonraí pearsanta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí próiseála atá leagtha amach i Sceideal I den Fhógra Príobháideachais seo.

3. Conas Teagmháil a Dhéanamh Linn

3.1 Is féidir teagmháil a dhéanamh le Bord Bia maidir le haon cheist ach na sonraí thíos a úsáid:
         

Teileafón +353 1 668 5155
Ríomhphost info@bordbia.ie
Seoladh 140 Bóthar Pheambróg, Baile Átha Cliath 4, D04 NV34

4. Cad Iad na Sonraí Pearsanta a Bhailíonn Bord Bia?

Is éard is “sonraí pearsanta” ann ná aon fhaisnéis a shainaithníonn duine beo nó lenar féidir duine beo a shainaithint.

4.1 Catagóirí Sonraí Pearsanta a bhailímid: Féadfaimid cineálacha éagsúla sonraí pearsanta fút a bhailiú, a úsáid, a stóráil agus a aistriú, agus iad grúpáilte le chéile againn mar seo a leanas:

4.1.1 Sonraí Céannachta: Áirítear leis seo céadainm, sloinne, uimhir thréada, ainm úsáideora nó aitheantóir agus teideal comhchosúil.

4.1.2 Sonraí Teagmhála: Áirítear leis seo seoladh, seoladh ríomhphoist agus uimhreacha teileafóin.

4.1.3 Sonraí Teicniúla: Áirítear leis seo [seoladh prótacail idirlín (IP), do shonraí logála isteach, cineál agus leagan an bhrabhsálaí, socrú agus suíomh an amchreasa, cineálacha agus leaganacha breiseán brabhsálaí, an córas oibriúcháin agus an t- ardán, agus teicneolaíocht eile ar na gléasanna a úsáideann tú chun teacht ar an suíomh gréasáin seo].

4.1.4 Sonraí Úsáide: Áirítear leis seo faisnéis maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear ár suíomh gréasáin, ár dtáirgí agus ár seirbhísí.

4.1.5 Sonraí Margaíochta agus Cumarsáide: Áirítear leis seo roghanna i leith margaíocht a fháil ón eagraíocht seo agus ó thríú páirtithe, mar aon le roghanna cumarsáide.

4.1.6 Sonraí Suímh

Áirítear leis seo faisnéis neas-suímh bunaithe ar sheoladh IP nó ar shocruithe gléis, nuair is gá sin, chun seirbhísí a sholáthar nó chun críocha slándála.

4.1.7 Sonraí Gléis
Áirítear leis seo faisnéis maidir leis an ngléas a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin, amhail cineál an ghléis, an córas oibriúcháin, taifeach an scáileáin agus sonraí an líonra shoghluaiste.

5. An Chaoi a mBailítear Sonraí Pearsanta:

5.1 Seo mar a bhailítear do shonraí pearsanta:

Go Díreach Uaitse: Féadfaidh tú do shonraí céannachta agus do shonraí teagmhála a thabhairt dúinn trí fhoirmeacha a líonadh nó trí chomhfhreagras a dhéanamh linn tríd an bpost, ar an bhfón, trí ríomhphost nó ar mhodh ar bith eile. Áirítear leis seo na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú nuair a dhéanann tú na nithe seo a leanas:

(a) Idirghníomhú lenár suíomh gréasáin: Bailítear sonraí teicniúla go huathoibríoch maidir le do threalamh, do ghníomhartha brabhsála agus do phatrúin úsáide, trí fhianáin agus teicneolaíochtaí eile dá samhail a úsáid. Féach ar ár bhfógra fianán anseo https://www.fooddudes.ie/gaeilge/dearbhu-fianan/ le tuilleadh sonraí a fháil.

(b) Foirmeacha a líonadh, úsáid a bhaint as ár seirbhísí suímh gréasáin nó fiosrúcháin a chur isteach.

(c) Comhfhreagras a dhéanamh linn tríd an bpost, ar an bhfón, trí ríomhphost nó ar bhealaí eile.

5.2 Tá tábla leagtha amach againn faoi Sceideal 1 ina ndéantar cur síos ar na bealaí a bhfuil sé beartaithe againn do shonraí pearsanta a úsáid agus na bunúis dhlí a bhfuilimid ag brath orthu chun é sin a dhéanamh.

6. Faisnéis Maidir le Toiliú

6.1 D’fhéadfaimis toiliú a úsáid mar bhunús dlí i leith gníomhaíochtaí próiseála áirithe. Ina leithéid sin de chásanna, féadfaidh tú do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith trí chur in iúl dúinn trí ríomhphost, ar an bhfón nó tríd an bpost. Má tá aon cheist agat maidir le do thoiliú a tharraingt siar, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí (OCS). Tá sonraí an Oifigigh sin le fáil i Roinn 10.2.

6.2 Ní dhéanfaidh tarraingt siar do thoilithe difear do dhlíthiúlacht aon phróiseála a rinneadh sular tarraingíodh siar é.

7. Cá Fhad a Choinneofar do Shonraí Pearsanta?

7.1 Déanfar do shonraí pearsanta a scriosadh mura mbeidh gá réasúnta leo a thuilleadh do na cuspóirí atá luaite thuas nó má tharraingítear siar do thoiliú (más iomchuí). Féach Sceideal 1 le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis an tréimhse a choinnítear sonraí pearsanta.

8. Aistrithe Sonraí Triú Páirtí

8.1 I gcásanna áirithe, déanaimid sonraí pearsanta a roinnt le tríú páirtithe iontaofa chun cabhrú linn seirbhísí éifeachtacha den scoth a sholáthar. Sula ndéantar aon sonraí a roinnt, cinntímid go bhfuil oibleagáid chonarthach ar na faighteoirí sin na sonraí a chosaint, slándáil agus rúndacht a chothabháil agus ceanglais dhlíthiúla is infheidhme a chomhlíonadh, go háirithe maidir le haistrithe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Déantar an chuid is mó de na sonraí pearsanta a phróiseálaimid a stóráil agus a bhainistiú laistigh den LEE, áit a bhfuil coimircí iomchuí i bhfeidhm. Sna cásanna seo, tá comhaontuithe próiseála sonraí i bhfeidhm againn lenár soláthraithe seirbhíse agus comhaontuithe comhroinnte sonraí le comhlachtaí eile san earnáil phoiblí.

8.2 I gcásanna teoranta, féadfar sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den LEE. Ina leithéid sin de chásanna, cuirimid coimircí i bhfeidhm atá ailínithe le dlíthe cosanta sonraí, lena n-áirítear cinntí leordhóthanachta agus clásail chonarthacha chaighdeánacha.

8.3 Féadfar dul i bpáirt leis na catagóirí faighteoirí seo a leanas:

(a) Soláthraithe tríú páirtí a sholáthraíonn bogearraí agus seirbhísí TF dúinn.
(b) Soláthraithe anailísíochta suímh gréasáin.
(c) Soláthraithe seirbhíse margaíochta.
(d) Gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí nó gníomhaireachtaí eile rialtais agus rialála.
(e) Tríú páirtithe a chuidíonn le Bord Bia a fheidhmeanna a leagtar amach faoin Acht um an mBord Bia.

8.4 Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfar an liosta thuas a leasú ó am go ham agus leasófar an Fógra Príobháideachais seo chun na hathruithe seo a léiriú.

9. Slándáil do Shonraí Pearsanta

9.1 Glacaimid bearta slándála iomchuí i gcoinne próiseáil neamhdhleathach nó neamhúdaraithe sonraí pearsanta agus i gcoinne caillteanas nó damáiste do shonraí pearsanta de thaisme.

9.2 Tá nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí curtha i bhfeidhm againn chun slándáil na sonraí pearsanta go léir a choinneáil ón bpointe bailithe go dtí an pointe scriosta. Ní aistreofar sonraí pearsanta chuig próiseálaí sonraí ach amháin má aontaíonn siad na nósanna imeachta agus na beartais sin a chomhlíonadh, nó má chuireann siad bearta leordhóthanacha i bhfeidhm iad féin. Ina theannta sin, tá comhaontuithe cuí scríofa i bhfeidhm againn lenár bpróiseálaithe sonraí go léir.

9.3 Leanaimid nósanna imeachta slándála dochta maidir le do shonraí pearsanta a stóráilagus a nochtadh, agus chun iad a chosaint ar chaillteanas, scriosadh nó damáiste de thaisme. Déantar na sonraí a sholáthraíonn tú dúinn a chosaint trí úsáid a bhaint as creatchaighdeáin ISO27001 lena n-áirítear ballaí dóiteáin, criptiú, bogearraí frithvíreas agus córais cúltaca agus aisghabhála tubaiste.

9.4 Leanaimid nósanna imeachta slándála dochta maidir le do shonraí pearsanta a stóráil agus a nochtadh, agus chun iad a chosaint ar chaillteanas, scriosadh nó damáiste de thaisme.

10. Do Chearta Cosanta Sonraí agus Conas Iad a Fheidhmiú

10.1 Faoin RGCS, soláthraítear cearta aonair duit, in imthosca áirithe, lena n-áirítear iad seo a leanas:

10.1.1 Rochtain ar do shonraí pearsanta a iarraidh (ar a dtugtar “iarraidh rochtana ó ábhar sonraí” de ghnáth). Is féidir, dá réir sin, cóip de na sonraí pearsanta atá againn fút a fháil agus a dheimhniú go bhfuil an phróiseáil sin de réir an dlí.

10.1.2 Ceartúchán a iarraidh ar na sonraí pearsanta atá againn fút. Fágann sé sin gur féidir leat aon fhaisnéis neamhiomlán nó mhí-chruinn atá againn fút a chur ina ceart.

10.1.3 Scriosadh do shonraí pearsanta a iarraidh. Cuireann sé seo ar do chumas iarraidh orainn sonraí pearsanta a scriosadh nó a bhaint nuair nach bhfuil aon bhunús dlí ann dúinn leanúint dá bpróiseáil. Tá sé de cheart agat freisin iarraidh orainn do shonraí pearsanta a scriosadh nó a bhaint de sa chás gur fheidhmigh tú do cheart chun agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála (féach thíos).

10.1.4 Agóid a dhéanamh i gcoinne do shonraí pearsanta a phróiseáil. Tá sé de cheart agat freisin agóid a dhéanamh i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta á bpróiseáil againn chun críocha na margaíochta dírí.

10.1.5 Agóid a dhéanamh i gcoinne na cinnteoireachta uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú; is é sin, gan a bheith faoi réir ag aon chinnteoireacht uathoibrithe a dhéanaimid trí úsáid a bhaint as do shonraí pearsanta nó próifíliú ort.

10.1.6 Srianadh ar phróiseáil do shonraí pearsanta a iarraidh Fágann sé seo gur féidir iarraidh orainn próiseáil do shonraí pearsanta a chur ar fionraí, mar shampla más mian leat go ndeimhneoimis a gcruinneas nó an chúis lena bpróiseáil.

10.1.7 Aistriú do shonraí pearsanta i bhfoirm leictreonach agus struchtúrtha chugat féin nó chuig páirtí eile a iarraidh (ar a dtugtar an ceart chun iniomparthacht sonraí ghnáth). Is féidir, dá réir sin, do shonraí a fháil uainn i bhformáid atá inúsáidte go leictreonach, agus iad a aistriú chuig páirtí eile sa bhformáid chéanna.

10.2 Má tá aon cheist agat maidir leis an bhFógra Príobháideachais seo nó faoinár gcomhlíonadh cosanta sonraí, déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí (OCS) Bhord Bia mar seo a leanas:-

OCS Taighde Tríthaobhach
Teileafón 00353 51 833 958
Ríomhphost dpo@bordbia.ie
Seoladh Marine Point An 2ú hUrlár, Calafort Phort Láirge, Co. Phort Láirge, X91 W02X

 

10.3 Más mian leat, mar ábhar sonraí, do chearta cosanta sonraí a fheidhmiú, iarraidh fhoirmiúil a dhéanamh ar shonraí pearsanta arna sealbhú ag Bord Bia, iarraidh ar rochtain a dhéanamh nó a mhalairt, ní mór iarraidh fhoirmiúil a chur faoi bhráid ár OCS.

10.4 Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé de cheart agat, mar ábhar sonraí, gearán a dhéanamh tráth ar bith le húdarás maoirseachta cosanta sonraí maidir le haon saincheist a bhaineann lenár bpróiseáil ar do shonraí pearsanta. Ós rud é gurb in Éirinn atá príomhbhunaíocht Bhord Bia, déantar rialáil orainn ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (CCS) chun críocha cosanta sonraí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí mar seo a leanas:

  • Tabhair cuairt ar www.dataprotection.ie
  • Teileafón: +353 57 8684800 nó +353 (0)761 104 800
  • Ríomhphost: info@dataprotection.ie
  • Seoladh: 6 Rae Pheambróg, Baile Átha Cliath 2, D02 X963, Éire

11. Athruithe ar an bhFógra Príobháideachais

11.1 Féadfaidh ár bhFógra Príobháideachais athrú ó am go ham agus cuirfear aon athruithe ar an ráiteas ar an leathanach seo.

 

Nuashonraithe go deireanach: 20/02/2026

 

Sceideal 1 – Gníomhaíochtaí Próiseála
Cuspóir/Gníomhaíocht Cineál Sonraí Bunús
dleathach le
haghaidh
próiseála
Coinneáil
Freagra a thabhairt ar
fhiosrúcháin ghinearálta a
chuirtear isteach tríd an suíomh gréasáin
(a) Sonraí
Céannachta
(b) Sonraí
Teagmhála
Leasanna
dlisteanacha
2 bhliain
Anailísíocht sonraí a úsáid
chun ár suíomh gréasáin,
táirgí/seirbhísí,margaíocht,
caidrimh agus eispéiris
chustaiméirí a fheabhsú
(a) Sonraí Teicniúla
(b) Sonraí Úsáide
Toiliú Go dtí go ndéanfar
an toiliú a tharraingt
siar