Tá go leor bealaí éagsúla ann ar féidir linn stíl mhaireachtála níos sláintiúla a chaitheamh. Tá aiste bia ar cheann de na príomhbhealaí is féidir linn aire a thabhairt dúinn féin.
Tá go leor uirlisí agus treoracha ar fáil chun cabhrú linn é seo a dhéanamh. Tá Pirimid an Bhia ar cheann de na huirlisí is fearr ó na 1970idí, ach tá sé nuashonraithe ó shin. Taispeánann Pirimid an Bhia dúinn conas aiste bia sláintiúil, cothrom a bhaint amach tríd an méid ceart bianna a roghnú ón tseilf cheart.
Taispeánann cruth Phirimid an Bhia na cineálacha bianna agus deochanna is gá do dhaoine an chuid is mó a ithe le haghaidh bia sláintiúil agus an méid is gá dúinn a choinneáil chomh híseal agus is féidir. An tseachtain seo tabharfaidh muid treoir duit trí Phirimid an Bhia agus inseoidh muid duit cad atá i gceist leis. Cuirfidh muid bealaí spraíúla ar fáil duit freisin chun Pirimid an Bhia a chur san áireamh i do shaol laethúil.
An tseachtain seo tá plean béile laethúil curtha ar fáil againn duit ag baint úsáid as Pirimid an Bhia. Is féidir leat é seo a úsáid mar threoir agus na bianna is fearr le do theaghlach féin a ionchorprú.
Sampla: Is buachaill an-ghníomhach 10 mbliana d'aois é Billy a bhaineann taitneamh as a bheith ag imirt sacair agus is breá leis a bheith ag súgradh taobh amuigh. Theastódh 4 sciar ó Billy ón tseilf ghránaigh agus aráin, pasta, prátaí agus ríse. Ós rud é go bhfuil Billy idir 9 agus 18 mbliana d'aois, theastódh 5 sciar uaidh ón tseilf bhainne, cáise agus iógart agus 5-7 sciar de thorthaí agus glasraí. Bheadh 2 sciar ag teastáil uaidh freisin ón tseilf fheola, éisc, éineola nó uibheacha.
Bainístíonn Bord Bia in Éirinn Clár Itheacháin Sláintiúil Food Dudes agus maoiníonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara é le tacaíocht ón Aontas Eorpach faoi Sceim Torthaí agus Glasraí na Scoileanna. Is é an tAonad Taighde ar Ghníomhaíocht Bhia i Scoil na Siceolaíochta in Ollscoil Bheannchar, sa Bhreatain Bheag, a d’fhorbair an clár. Cóipcheart © 2004 Ollscoil Bheannchar.